Comhar

Comhar Is iris mhíosúil í Comhar ina bpléitear litríocht agus cúrsaí reatha agus a lán eile nach iad.

Comhar – Lón Intinne

Is iris mhíosúil í Comhar ina bpléitear litríocht agus cúrsaí reatha agus a lán eile nach iad. Is iad lucht na heagraíochta idir-ollscoile, An Comhchaidreamh, a bhunaigh an iris sa bhliain 1942 agus tá scoth scríbhneoireachta na Gaeilge ar fáil inti ó shin i leith. Is dream idirnáisiúnta iad léitheoirí Comhar agus seoltar eagráin na hirise chuig An Astráil, Meiriceá, An Ghear

máin, Lucsamburg, An Bhreatain, An Bheilg, An Iodáil, Ceanada, An Iorua agus dár ndóigh chuig síntiúsóirí ar fud na tíre seo freisin. Scoth na Litríochta, Cúrsaí Reatha, Tuairimíocht, Díospóireacht, Úrscéalta, Gearrscéalta, Filíocht....

LeabhairCOMHAR

Bunaíodh an t-inphrionta foilsitheoireachta LeabhairCOMHAR athuair sa bhliain 2010 chun nua-litríocht agus nua-scríbhneoireachta na Gaeilge a fhorbairt, chomh maith le rogha den scoth de scríbhneoirí agus ábhair a chur ar fáil. Tá sé mar aidhm ag an gcomhlacht seo scríbhneoirí úra a earcú agus a chothú ar bhonn leanúnach agus tá sraitheanna nua leabhar á bhforbairt aige faoi láthair:

GUTH NUA (ficsean do dhaoine fásta, scríofa ag scríbhneoirí úra);
DORAS FEASA (leabhair stairiúla agus faisnéise);
AN SAOL ÓG (pictiúrleabhair agus litíocht do pháistí);
SAOL AGUS SAOTHAR (beathaisnéisí acadúla);
TÉAD NA FILÍOCHTA (cnuasaigh théamúla d’fhilíocht ó údair aitheanta); agus
FOGHLAIMEOIR FÁSTA (úrscéalta do dhaoine fásta ag foghlaim na Gaeilge)

Address

47 Harrington Street
Dublin

Alerts

Be the first to know and let us send you an email when Comhar posts news and promotions. Your email address will not be used for any other purpose, and you can unsubscribe at any time.

Contact The Business

Send a message to Comhar:

Share

Category

Nearby media companies