Raidió na Life

Raidió na Life Is stáisiún raidió pobail é Raidió na Life. Ar an leathanach seo, tá eolas maidir leis na clá Cas air Raidió na Life 106.4 FM agus éist linne.
(9)

An bhfuil tú bréan de bheith ag éisteacht leis na hamhráin chéanna arís agus arís eile?

13/06/2024

Tá fadhb againn le córas ríomhphoist Raidió na Life faoi láthair. Má sheol tú teachtaireacht chuig ball foirne ar leith le cúpla lá anuas agus nach bhfuair tú freagra, seol an r-phost arís chuig [email protected] d'aire an bhaill foirne sin.

We are currently experiencing difficulties with Raidió na Life e-mails. If you e-mailed a staff member in the past few days and did not get a response, please forward the email to [email protected] marked for the attention of that staff member.

'STÁISIÚN RAIDIÓ NA BLIANA' buaite ag Raidió na Life ag Féile na Meán Ceilteach! Tá gradam Stáisiún Raidió na Bliana bua...
12/06/2024

'STÁISIÚN RAIDIÓ NA BLIANA' buaite ag Raidió na Life ag Féile na Meán Ceilteach! Tá gradam Stáisiún Raidió na Bliana buaite ag Raidió na Life ag Gradaim na Meán Ceilteach 2024 i gCaerdydd (Cardiff) na Breataine Bige, an dara huair le trí bliana anuas go bhfuil an gradam buaite ag an stáisiún.

Bhuaigh Raidió na Life an rannóg ina raibh sé san iomaíocht le 9 stáisiún eile i mbliana: 6 cinn de stáisiúin raidió an BBC: BBC Radio nan Gàidheal, BBC Radio Cymru, BBC Radio Scotland, BBC Radio Wales, BBC Raidió Uladh, BBC Radio Foyle; Radio Galega na Gailíse; mar aon lenár gcairde in RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Raidió Fáilte.

Arsa Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir Stáisiúin Raidió na Life:
“Is aitheantas iontach é seo don obair chruthaitheach, fhuinniúil a dhéanann meitheal iontach craoltóirí deonacha Raidió na Life. Is ardú meanma agus ardmholadh atá ann freisin dár bhfoireann iontach a dhéanann míorúiltí beaga ina gcuid oibre gach lá, ag coinneáil an seó ar an mbóthar agus an stáisiún ar an aer. Nuair a smaoiníonn tú go bhfuil níos mó baill foirne ag obair ar roinnt clár ar na stáisiúin eile a rabhamar san iomaíocht leo i mbliana ná mar atá ag obair i Raidió na Life ina iomláine, is gaisce atá á bhaint amach ag foireann Raidió na Life agus molaim iad go haer.”

Deis éisteacht siar le 'Thuas Seal...', sraith drámaí grinn scríofa ag Réaltán Ní Leannáin, le Sinéad Ní Uallacháin, Dai...
18/12/2023

Deis éisteacht siar le 'Thuas Seal...', sraith drámaí grinn scríofa ag Réaltán Ní Leannáin, le Sinéad Ní Uallacháin, Dairíne Ní Dhonnchú, Hilary Bowen-Walsh, Gearóid Ó Mórdha agus Lelia Ní Chinnéide. Le tacaíocht ó Choimisiún na Meáin.

Tá samhradh fada le cur di ag Ailbhe, bean óg ó theaghlach meánaicmeach i mBaile Átha Cliath. Tá sí millte, réabhlóideach agus dímhúinte agus tá a hathair ag iarraidh go mbeadh sí gnóthach i rith na l

"Hogwarts gan an bleedin' craic atá san áit seo..."Sraith dhrámaí nua le Réaltán Ní Leannáin ag tosnú ar Raidió na Life ...
11/12/2023

"Hogwarts gan an bleedin' craic atá san áit seo..."
Sraith dhrámaí nua le Réaltán Ní Leannáin ag tosnú ar Raidió na Life anocht ag 8.30i.n. agus le cloisteáil gach oíche go dtí Dé hAoine 15 Nollaig. Le Sinéad Ní Uallacháin, Dairíne Ní Dhonnchú, Hilary Bowen-Walsh, Gearóid Ó Mórdha agus Lelia Ní Chinnéide. 📻🎭🎤

Táimid ar bís go bhfuil 'Ceiliúradh na mBan' ainmnithe don Phodchraoladh is fearr sa Ghaeilge ag Irish Podcast Awards 🎉🎧...
14/09/2023

Táimid ar bís go bhfuil 'Ceiliúradh na mBan' ainmnithe don Phodchraoladh is fearr sa Ghaeilge ag
Irish Podcast Awards 🎉🎧🔊 Ár mbuíochas leis na haíonna a bhí páirteach sa tsraith! Sár-jab déanta ag na láithreoirí Katie Whelan agus Jane Farley, chomh maith le Hilary Bowen-Walsh a bhí i mbun guthú.

Beagán taobh thiar á fhógairt seo anseo, ach níos fearr go mall ná go brách! Tá ríméad agus mórtas dochreidte orainn a b...
10/06/2022

Beagán taobh thiar á fhógairt seo anseo, ach níos fearr go mall ná go brách! Tá ríméad agus mórtas dochreidte orainn a bheith ainmnithe mar bhuaiteoir ghradam Stáisiún Raidió na Bliana ag Féile na Meán Ceilteach 2022 in Quimper na Briotáine! Réasúnta maith do stáisiún pobail deonach, eh?!

Mar chuid de Seachtain na Gaeilge le Energia, tá Raidió na Life ag cur acmhainní foghlama ar fáil saor in aisce do Ghael...
01/03/2022

Mar chuid de Seachtain na Gaeilge le Energia, tá Raidió na Life ag cur acmhainní foghlama ar fáil saor in aisce do Ghaelscoileanna agus do bhunscoileanna eile, chun scileanna raidió a mhúineadh do pháistí! Níl le déanamh ach ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]

18/06/2021
01/06/2021

Léirithe Spéise á lorg do shraith nua de mhíreanna cruthaitheacha ar Raidió na Life! Fáilteofar roimh fhiosrúcháin chuig [email protected] go dtí Dé hAoine, 11 Meitheamh

23/04/2021

Sraith faisnéise nua ag tosnú amárach ar Raidió na Life ag 2i.n... Bígí linn!

Address

63-66 Amiens Street
Dublin

Alerts

Be the first to know and let us send you an email when Raidió na Life posts news and promotions. Your email address will not be used for any other purpose, and you can unsubscribe at any time.

Contact The Business

Send a message to Raidió na Life:

Videos

Share

Our Story

Stáisiún raidió pobail ag freastal ar phobal na #Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Tá an stáisiún lonnaithe ar 63-66 Sráid Amiens, Baile Átha Cliath 1. Éist linn ar 106.4FM i mBaile Átha Cliath agus sa cheantar máguaird, ar líne ar www.raidionalife.ie nó ar an aip An Seinnteoir Raidió ar Google Play/iTunes. Bíonn podchaoltaí ar Sooundcloud. Bímid i gcónaí sa tóir ar oibrithe deonacha nua, más spéis leat a bheith ag craoladh linn, seol ríomhphost chuig [email protected]

Nearby media companies


Other Dublin media companies

Show All

You may also like