Lorg Media

Lorg Media Digital Communications
Social Media Production
Strategy & Marketing Services We are a one stop shop for all your Social Media needs.

A creative team that specialise in Social Media Marketing. We live and breath Digital Communications
Social Media Production - Facebook Lives & Video our Forté
We love working with brands helping them reach their target audience over multiple social media platforms.

✨ Tá ríméad orainn! Lorg Media has won the Small to Medium Enterprise Award, sponsored by AIB , at this year's Galway Ch...
03/12/2024

✨ Tá ríméad orainn! Lorg Media has won the Small to Medium Enterprise Award, sponsored by AIB , at this year's Galway Chamber Business Awards 2024.

Winning awards in the place you work and live is extra special and what a very fitting theme the awards had this year, 'Mórtas Áite - Celebration of Place'.

We couldn't think of a better way to round off a year of success for Lorg Media. Tá muid fíor bhuíoch do na moltóirí as ucht an aitheantais seo a bhaint amach sa mbaile, i nGaillimh! 👏

Held in partnership with The Shannon Airport Group, we loved celebrating with all businesses and organisations that make significant contributions to Galway’s vibrant economic, social, and cultural landscape.

This was our very first time on any shortlist at the Galway Chamber Business Awards, and we were in great company alongside Dolores Andrew Wellness Trainer & Coach and O'Leary Financial Planning .

Comhghairdeas le chuile comhlacht a bhí ar an ngearrliosta i mbliana! 🌟

For the first time, we are Galway Chamber Business Awards finalists. Ádh mór to all the nominees! See you tonight!
29/11/2024

For the first time, we are Galway Chamber Business Awards finalists. Ádh mór to all the nominees! See you tonight!

🌟Gradaim Gnó na hÉireann 🌟Táimid an-bhródúil go bhfuil trí bhonn óir tagtha abhaile ó Gradaim Gnó na hÉireann le Glór na...
15/11/2024

🌟Gradaim Gnó na hÉireann 🌟

Táimid an-bhródúil go bhfuil trí bhonn óir tagtha abhaile ó Gradaim Gnó na hÉireann le Glór na nGael
Is scéim aitheantais é Gradaim Gnó na hÉireann, a thugann stádas óir, airgid agus cré-umha do ghnólachtaí as a dtiomantas don Ghaeilge mar chuid dá gcomhlacht.

Tá an Ghaeilge i gcroílár gach rud a dhéanann muid i Lorg Media, agus is rud speisialta é dúinn a bheith aitheanta go náisiúnta le trí bhonn óir as na hiarrachtaí a dhéanann muid leis an nGaeilge a chothú agus a chaomhnú lenár gcliaint agus lenár bhfoireann.

Ag searmanas a reáchtáladh i bPáirc an Chrócaigh Dé Máirt, tugadh aitheantas dúinn as ár dtiomantas don Ghaeilge sna catagóirí comharthaíochta, margaíochta agus brandála, agus seirbhís trí Ghaeilge. Aithníodh 134 gnólachtaí le gradaim ag an ócáid, ach ní bhfuair ach 15 acu trí bhonn óir.

Is mór an onóir dúinn é ag Lorg Media a bheith ar cheann den 15 ghnó a bhain an t-aitheantas seo amach.

12/11/2024

Féach ar an bpreabmheirge álainn seo a dhearaidh Mairéad s’againne ar son ár gcliant Ealaín na Gaeltachta! 🎭

Check out Lorg Media’s step by step process for designing a pull-up banner from the idea’s conception to the finished product.

Ar mhaith leat oibriú linn? Graphic design is one of the many services we provide as well as video production, marketing strategy, and more. Email us at [email protected] to make an inquiry! 📩

Bhí an bheirt Mhairéad ó Lorg Media , Mairéad Ní Dhubhthaigh agus Mairéad Ní Ghráinne ag Oireachtas na Samhna an deiread...
08/11/2024

Bhí an bheirt Mhairéad ó Lorg Media , Mairéad Ní Dhubhthaigh agus Mairéad Ní Ghráinne ag Oireachtas na Samhna an deireadh seachtaine seo caite. D’oibrigh muid lenár gcliant Foras na Gaeilge le traenáil phraiticiúil a thabhairt don mheitheal ar na meáin shóisialta idir réamhléiriúchán agus margaíocht beo ar X agus scéalta Instagram.

Ba dheireadh seachtaine suntasach dúinn é, ag moladh dea-chleachtais ar na meáin shóisialta agus ag taispeáint don mheitheal conas trealamh éagsúil a úsáid. D’fhoghlaim muid go leor ó na himeachtaí suimiúla a bhí ar bun ag an Fhoras freisin idir mhodheolaíocht an fhoclóra agus forbairt teanga na Gaeilge.

Más mian leat féin feabhas a chur ar do chuid scileanna margaíochta, mholfadh muid duit tosú leis an nod seo: Bíodh sprioc agat ar na meáin shóisialta! Bí ag smaoineamh i gcónaí ar mhórchuspóir na heagraíochta, leanúnachas branda, agus treoir chun gnímh - cén pointe atá ag an ábhar seo agus céard ar mhaith leat go ndéanfadh an té a fheiceann é?

Ar mhaith leat traenáil a fháil ar na meáin shóisialta? Déan iarratas ag [email protected] 📩

Oireachtas na Gaeilge

31/10/2024

Oíche Shamhna shona daoibh! D’fhág muid ár lorg ar phuimcín 🎃🎃 Cad a cheapann sibh?

An mbeidh tú ag féile ghrinn na Gaillimhe?Táimid ag tnúth go mór le "Gáire as Gaeilge", seó grinn Gaelach le Hector Ó hE...
09/10/2024

An mbeidh tú ag féile ghrinn na Gaillimhe?
Táimid ag tnúth go mór le "Gáire as Gaeilge", seó grinn Gaelach le Hector Ó hEochagáin 🙌

This Is Galway Galway Comedy Festival

Hector - one of the three funniest men to ever come out of Navan (the other two being Tommy Tiernan and Dylan Moran) - has a real flair for comedy, possessed by what Evoke.ie called his “boundless liveliness, craic and joie de vivre”.

Tá an Ghaeilge i gcroílár gach rud a dhéanann muid anseo i Lorg Media agus táimid iontach sásta a bheith páirteach sa sc...
04/10/2024

Tá an Ghaeilge i gcroílár gach rud a dhéanann muid anseo i Lorg Media agus táimid iontach sásta a bheith páirteach sa scéim oiliúna seo! 💗

This Is Galway 😍

TG4, Údarás na Gaeltachta, and the Irish-language Production Sector have launched the fourth year of their Training Scheme.

Ó Ghradam go Gradam le Lorg Media 🏆Idir ghradaim na meáin dhigiteacha agus na Gradaim Foilsitheoireachta, is BREÁ linn a...
27/09/2024

Ó Ghradam go Gradam le Lorg Media 🏆

Idir ghradaim na meáin dhigiteacha agus na Gradaim Foilsitheoireachta, is BREÁ linn a bheith i gcomhluadar daoine a chuireann béim ar an nGaeilge.

D’fhógair Oireachtas na Gaeilge i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta sa An Taibhdhearc i nGaillimh an tseachtain seo.

Chruthaigh foireann Lorg Media ábhar físe, tvuíts beo, agus scéalta Instagram ar an láthair do Love Leabhar Gaeilge, branda de chuid Foras na Gaeilge.

An dtaitníonn na scéalta seo leat? Cláraigh lenár nuachtlitir ag an nasc seo: https://mailchi.mp/lorgmedia/ualq1rhn6b

Go raibh maith agaibh This Is Galway! ✨
25/09/2024

Go raibh maith agaibh This Is Galway! ✨

Lorg Media has won another coveted gold marketing award after attending the Irish Digital Media Awards for the first time with Foras na Gaeilge.

Míle buíochas Connacht Tribune - Galway City Tribune as ár scéal a chlúdach! 🌟At Lorg Media, collaboration is at the hea...
20/09/2024

Míle buíochas Connacht Tribune - Galway City Tribune as ár scéal a chlúdach! 🌟

At Lorg Media, collaboration is at the heart of what we do. We take pride in bringing together organisations with aligned goals and shared objectives.

It was brilliant to partner Foras na Gaeilge, the state body dedicated to promoting the Irish language, with RTÉ, our national broadcaster with a shared commitment to the language, for the Irish language campaign 'Creidim Ionat' which won 'Best Integrated Media Strategy' at the Digital Media Awards.

17/09/2024

Beidh Foras na Gaeilge san iomaíocht don ghradam "Marketing & Social Media" ag na Ireland eGovernment Awards an Déardaoin beag seo! 🏆

Díríonn na Gradaim seo ar chomhlachtaí atá ag obair le seirbhísí rialtas san earnáil dhigiteach. Tá Foras na Gaeilge ainmnithe sa chatagóir mhargaíochta leis an bhfeachtas le RTÉ a d'oibrigh Lorg Media air.

Ardaíonn sé ár gcroíthe go bhfuil aitheantas faighte ag Creidim Ionat. Spreag an tionscnamh Creidim Ionat na mílte daoine chun a gcéad chéim eile a thógáil leis an nGaeilge agus a ghrá don teanga a chothú.

Míle buíochas le RTÉ agus gach duine a bhí páirteach. 🙏 Táimid ar bís le freastal ar na Gradaim anois!

07/09/2024

An raibh a fhios agat go bhfuil tú in ann taistil tríd mór-roinn na hEorpa, ar an traein amháin, chun do lorg carbóin a laghdú go suntasach? 🌎

Taispeánann Manchán Magan gurb é an taisteal mall an bealach is fearr sa tsraith RTÉ 'Manchán's Europe by Train' ina bhfuil ceithre eagrán ann.

Beidh an clár deireanach ar siúl ar an Domhnach ag 18:30, agus is féidir leat a aistear go dtí seo a fheiceáil ar RTÉ Player.

It's been fantastic to work with Tyrone Productions to help promote the sustainability aspects of this brilliant series. Have you been inspired to embrace green travel to reduce your carbon footprint? Let us know in the comments! ⬇️

Deis iontach! ✨ Tá Creative Europe Desk Ireland - MEDIA Office na Gaillimhe ag earcú Ceannasaí don eagraíocht atá lonnai...
06/09/2024

Deis iontach! ✨

Tá Creative Europe Desk Ireland - MEDIA Office na Gaillimhe ag earcú Ceannasaí don eagraíocht atá lonnaithe sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

Tá muid ag earcú!

Tá Oifig MEDIA na Gaillimhe ag earcú Ceannasaí don eagraíocht atá lonnaithe sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

Is post sinsearach é seo ag bainistiú na heagraíochta maraon le seirbhís eolais agus comhairleoireachta a chur ar fáil don earnáil closamhairc san Iarthar agus sna ceantair Gaeltachta.

Beidh sár-scileanna idir-phearsanta agus cumarsáide ag an té a cheapfar agus beidh siad ábalta oibriú go neamhspléach, solúbtha as a stuaim féin. Is fearr tuiscint ar an earnáil closamhairc a bheith ag iarrathóirí agus bheadh suim faoi leith i gcúrsaí teilifíse nó scannánaíochta mar bhuntáiste.

Is í an Ghaeilge príomhtheanga oibre na hOifige. Is fostóir comhionnanais é Oifig MEDIA na Gaillimhe.

Seol do CV maraon le litir iarratais ina leagtar amach an bealach a n-oireann do thaithí agus do cháilíochtaí don ról seo chuig [email protected] roimh 17.00 ar an 20ú Meán Fómhair 2024.
__________

We’re hiring!

MEDIA Office Galway is currently recruiting a new Head of Office for the organisation which is based in An Spidéal, Co na Gaillimhe.

This is a senior position involving the management of the company in addition to providing an information and advisory service to the audio-visual sector in the West of Ireland and the Gaeltacht regions.

The person appointed will have excellent communication and interpersonal skills with the ability to work independently on their own initiative. The ideal candidate will have an understanding of the audio-visual industry and an interest in Film or Television would be an advantage.

Is í an Ghaeilge príomhtheanga oibre na hOifige. MEDIA Office Galway is an equal opportunity employer.

Please forward your CV along with a letter outlining your suitability for this position to [email protected] by 17.00 on 20th September 2024.

Amárach an lá! Suas linn go Baile Átha Cliath do na Digital Media Awards 👏We are very excited to be attending the Digita...
05/09/2024

Amárach an lá! Suas linn go Baile Átha Cliath do na Digital Media Awards 👏

We are very excited to be attending the Digital Media Awards in Dublin tomorrow!
Lorg Media is a finalist in two categories:
⭐ Best Small Agency
⭐ Best Integrated Media Strategy for our work on the Creidim Ionat campaign with Foras na Gaeilge in partnership with RTÉ

We are honoured to bring an Irish-language marketing campaign to the mix and so proud of the recognition our native tongue has received. A big bualadh bos for our Galway neighbours Adhere Digital and Gaillimh le Gaeilge who have also been shortlisted. It lifts our hearts when small Galway businesses like ourselves get the praise they deserve!

Ádh mór libh ar fad amárach. Gaillimh abú! 🙌

  i Loch Garman! 🎶Idir thaifeadadh agus postáil ar na meáin shóisialta, bhí Fleadh Cheoil den chéad scoth againn arís i ...
23/08/2024

i Loch Garman! 🎶

Idir thaifeadadh agus postáil ar na meáin shóisialta, bhí Fleadh Cheoil den chéad scoth againn arís i mbliana.

Is mór an onóir dúinn é a bheith ag obair le TG4 agus Power Pictures bliain i ndiaidh bliain.

Address

LorgMedia
Galway

Opening Hours

Monday 9am - 5pm
Tuesday 9am - 5pm
Wednesday 9am - 5pm
Thursday 9am - 5pm
Friday 9am - 5pm

Telephone

+35391728134

Alerts

Be the first to know and let us send you an email when Lorg Media posts news and promotions. Your email address will not be used for any other purpose, and you can unsubscribe at any time.

Contact The Business

Send a message to Lorg Media:

Share