Barzaz_ie

Barzaz_ie Glór nua sa bhfoilsitheoireacht - ficsean, neamhfhicsean & filíocht chomhaimseartha.

Dáta don dialann! Leabharlann Buncrana, an Satharn beag seo ag 3in. Beidh scoth na scríbhneoirí áitiúil i mbun comhrá ag...
19/02/2024

Dáta don dialann! Leabharlann Buncrana, an Satharn beag seo ag 3in. Beidh scoth na scríbhneoirí áitiúil i mbun comhrá agus ag ceiliúradh Éire ag Léamh. Bígí leo. Gach eolas faoi áit a chuir in áirithe thíos.

Donegal Literature and Landscape Symposium
Celebrating Donegal Literature in the company of some of the county’s most talented creatives.
Buncrana Community Library, Saturday 24th February 3.00pm
Booking Essential - 074 9361941

Ambasadóir iontach do Éire ag léamh! Maith thú, Laoighseach! Dé Sathairn (24/02) an lá le dul ar strae i leabhar!
19/02/2024

Ambasadóir iontach do Éire ag léamh! Maith thú, Laoighseach! Dé Sathairn (24/02) an lá le dul ar strae i leabhar!

Beidh an léitheoireacht á ceiliúradh againn an mhí seo ar fad roimh Lá Éire ag Léamh ar an 24 Feabhra. Téigh ar strae i leabhar maith!

Dé Máirt seo chugainn,  30 Eanáir, má tá sibh i gceantar Leitir Ceanainn! Bígí le Máirín agus baill an chlub leabhar! Mí...
25/01/2024

Dé Máirt seo chugainn, 30 Eanáir, má tá sibh i gceantar Leitir Ceanainn! Bígí le Máirín agus baill an chlub leabhar! Míle buíochas libh Líonra Leitir Ceanainn

Bí linn don chéad Chlub Leabar eile le Máirín Nic Con Iomaire agus muid ag plé a leabhar 'Khalil' 📖

📆 Dé Máirt 30/01 7:30pm
📍 Iarsmalann an Chontae, An Bóthar Ard, F92 K123

Is féidir cóipeanna den leabhar a fháil uainn san oifig (7 Sráid an Chaisleáin)

Foras na Gaeilge Donegal County Library Donegal County Council LPT Thuaisceart Dhún na Ngall Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt Donegal ETB Futa Fata Colm Ferriter

The Irish delegation in Mexico!
30/11/2023

The Irish delegation in Mexico!

30/11/2023
Comhghairdeas ó chroí leis na filí ar fad!
09/11/2023

Comhghairdeas ó chroí leis na filí ar fad!

Comhghairdeachas ó chroí le buaiteoirí Chomórtas Filíochta Fhéile Raifteirí 2023!

Sa bpictiúr tá Eoghan Mac Cormaic (moltóir chomórtais na n-óg), Emmeline Liberty-Godbold (buaiteoir rannóg B), Nawfal Azraai (buaiteoir rannóg A), Laoighseach Ní Choistealbha (buaiteoir rannóg C), agus Áine Ní Ghlinn (moltóir an chomórtais do dhaoine fásta).

Reáchtálann Gaeilge Locha Riach an comórtas filíochta mar chuid d’Fhéile Raifteirí chuile bhliain i rith mí Dheireadh Fómhair. Tá muid an-bhuíoch de as maoiniú a chur ar fáil don fhéile. Míle buíochas le a rinne na trófaithe agus le as ucht an maoiniú a chur ar fáil do trófaí Rannóge B.

Discover Loughrea Discover Galway Gaelscoil Riabhach Coláiste an Eachréidh Poetry Ireland / Éigse Éireann Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge Barzaz_ie Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Mediat Irish Writers' Union Loughrea GRETB College of Further Education Eoghan Gino Mac Cormaic Áine Ní Ghlinn

07/11/2023

Hot off the press, a design for a poetry book. Illustration by Anú Design. The cover design uses grey ink and a gold foil on black cloth which achieved a very tactile cover. Poetry collection by Laoighseach Ní Choistealbha and published by Barzaz.

Táimid ar fad ag súil leis an ócáid i Tigh Chualáin ar an Mháirt. Neart le plé faoi chúrsaí foilsitheoireachta.  Míle bu...
29/09/2023

Táimid ar fad ag súil leis an ócáid i Tigh Chualáin ar an Mháirt. Neart le plé faoi chúrsaí foilsitheoireachta. Míle buíochas le Pleanáil Teanga Chois Fharraige Féile Chois Fharraige

Is beag duine nach bhfaighidh ócáid éigin a fheilfidh iad ag féile sé lá Chois Fharraige na bliana seo – amhráin, ceol, clódóireacht, comhluadar, cócaireacht, comhrá agus geamaireacht, scéalta agus siúlóid

Tá ríméad an domhain orainn a bheith ag cur le catalóg Barzaz lenár gcéad chnuasach filíochta, Solas Geimhridh le Laoigh...
29/09/2023

Tá ríméad an domhain orainn a bheith ag cur le catalóg Barzaz lenár gcéad chnuasach filíochta, Solas Geimhridh le Laoighseach Ní Choistealbha. Tráthúil go leor, is é seo an chéad chnuasach le Laoighseach chomh maith! Tá ionracas agus úire i ndánta an chnuasaigh seo ina gcíorann sí – i measc eile – an fhéiniúlacht, fisiciúlacht na colainne, agus cumhacht agus ceangal na healaíne. Beidh Solas Geimhridh ar fáil 23 Deireadh Fómhair 2023. Is féidir an leabhar aoibhinn seo a réamhordú anseo:

https://www.barzaz.ie/filiocht-laoighseach-ni-choistealbha-solas-geimhridh

27/09/2023
Ag teacht go luath ó Futa Fata 🐺. Mol an óige agus léifidh siad! Ar fáil le réamhordú anois ó An Siopa Leabhar https://w...
28/08/2023

Ag teacht go luath ó Futa Fata 🐺. Mol an óige agus léifidh siad! Ar fáil le réamhordú anois ó An Siopa Leabhar https://www.siopaleabhar.com/tairge/an-mac-tire-deireanach/

NOCHTADH CLÚDAIGH / COVER REVEAL

Tá ríméad orainn clúdach an leabhar nua ó Laureate na nÓg 2023-2027, Patricia Forde, a nochtadh! Seo chugaibh An Mac Tíre Deireanach, maisithe ag Lauren O’Neill. Úrscéal álainn faoi Úna, cailín cróga, misniúil a sheasann an fód don ainmhí uasal, an mac tíre, in aghaidh shaighdiúirí Chromail. Ar fáil 18 Meán Fómhair agus is féidir é a réamhordú anois ón Siopa Leabhar. Nasc sa mbio.

So excited to reveal this beautiful cover of Laureate na nÓg, Patricia Forde’s new book An Mac Tíre Deireanach. We’re biased, but we think Lauren O’Neill’s illustrations are fantastic and really evoke the suspenseful but heartwarming drama of Trish’s new book with Futa Fata. This is one to celebrate and add to your bookshelf for sure. Coming 18 September and available to pre-order now from An Siopa Leabhar. Link in bio. 

Tá súil againn go dtaitníonn Khalil libh!
15/08/2023

Tá súil againn go dtaitníonn Khalil libh!

Seo iad na leabhair a bheidh á léamh againn idir seo agus deireadh na bliana i gClub Leabhar an Iarthuaiscirt. Ar mhaith leat a bheith linn? Déan teagmháil le [email protected] chun clárú. Beidh teacht le chéile againn thart fá achan sé seachtain. Cuirfidh muid tús leis an leabhar Cití na gCártaí le Réaltan Ní Leannáin. Beidh tú in ann na leabhair a fháil ar iasacht fríd Líonra Leitir Ceanainn ó Leabharlann Chontae Dhún na nGall agus tá roinnt cóip san oifig againn - cuid acu ar díol agus cuid ar fáil ar iasacht ó leabharlann s'againn féin agus dar ndóigh is fédir iad a cheannach ó shiopa leabhar.
Donegal County Library Donegal ETB Coláiste Ailigh Eithne Ní Ghallchobhair Réaltán Ní Leannáin, scríbhneoir Barzaz Siopa Leabhar

Taispeántas ag oscailt inniu.
12/08/2023

Taispeántas ag oscailt inniu.

All set for the opening of Tom Kenny's Old Galway exhibition here tomorrow - it's a really terrific display of over 40 old photographs of Galway city curated by Tom. Join us from 3pm!

Máirín Nic Con Iomaire atá ar an eagrán seo de Seoda ón Taisce Liteartha.  Is í a d`aistrigh "Khalil". Míle buíochas lib...
21/06/2023

Máirín Nic Con Iomaire atá ar an eagrán seo de Seoda ón Taisce Liteartha. Is í a d`aistrigh "Khalil". Míle buíochas libh Oireachtas na Gaeilge !

🔊 Tá an t-eagrán is déanaí de Seoda ón 🔊

Is í Máirín Nic Con Iomaire atá le cloisteáil ar eagrán na míosa seo agus í ag léamh caibidil as "Khalil" a scríobh Yasmina Khadra agus a d'aistrigh Máirín go Gaeilge.

Bhuaigh an leabhar seo a d'fhoilsigh ag Barzaz_ie Gradam de Bhaldraithe ag Na Gradaim Foilsitheoireachta 2022.

Is féidir éisteacht anseo: https://bit.ly/3pcG6Yk

Má thaitníonn an blaiseadh seo leat, is féidir Khalil a cheannach anseo: https://bit.ly/44cNOR7

Address

An Spidéal
Galway

Alerts

Be the first to know and let us send you an email when Barzaz_ie posts news and promotions. Your email address will not be used for any other purpose, and you can unsubscribe at any time.

Contact The Business

Send a message to Barzaz_ie:

Videos

Share

Category